Bardas Buirge Chill Chainnigh 2004

Printer-friendly versionPrinter-friendly versionSend by emailSend by emailPDF versionPDF version

Bardas Buirge Chill Chainnigh

Tá dhá bhall déag ar an mBardas Buirge, iad tofa le haghaidh téarma cúig bliana.

Toghadh an Bardas Buirge atá ann faoi láthair i mí an Mheithimh 2004 agus seo mar a leanas na daoine a bhí ina mbaill an 31 Nollaig 2004:

Mayor Martin Brett

MÉARA:

An Chomhairleoir Martin Brett (FG)
Derdimus,
Tennypark,
Cill Chainnigh.

 

Deputy Mayor Malcolm Noonan

LEASMH ÉARA:

An Chomhairleoir Malcolm Noonan (Páirtí Glas)
35 Cearnóg an Athar Uí Mhurcú,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Michael Lanigan

An Chomhairleoir Michael Lanigan (FF)
12 Greenfields,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Andrew McGuinness

An Chomhairleoir Andrew McGuinness (FF)
Brooklawn,
Bóthar Bhaile an Phoill,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Joe Reidy

An Chomhairleoir Joe Reidy (FF)
Teach Parlaiminte,
Sráid Parlaiminte
Cill Chainnigh.

 

Councillor John Coonan

An Chomhairleoir John Coonan (FF)
17 Willow Close,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Pat Crotty

An Chomhairleoir Pat Crotty (FG)
14 Bóthar Darach,
Dukesmeadows,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Paul Cuddihy

An Chomhairleoir Paul Cuddihy (FG)
Bóthar Granges,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Betty Manning

An Chomhairleoir Betty Manning (FG)
Bóthar an Chaisleáin,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Sean O hArgain

An Chomhairleoir Sean O hArgain (LABOUR)
14 Cearnóg na Coláiste,
Bóthar na Coláiste,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Joe Cody

An Chomhairleoir Joe Cody (LABOUR)
11 Noremount,
Cill Chainnigh.

 

Councillor Marie Fitzpatrick

An Chomhairleoir Marie Fitzpatrick (LABOUR)
64 Plás an Easpaig Birch,
Cill Chainnigh.

 

 

  • Bainisteoir Contae: Mr Michael Malone
  • Cléireach Cathrach: Mr Donal O'Brien
  • Innealtóir Sinsearach: Mr Kieran Fitzgerald

Bá é €51.35 Ráta na Cathrach don bhliain 2004.

 

Ról an Bhardais Bhuirge

s é ról atá ag Bardas Buirge Chill Chainnigh seirbhísí áitiúil a riar in éindí leis an mBuirg. Cuimsíonn na dualgais bonneagar, pobal agus seirbhísí sóisialta agus cur chun cinn Chill Chainnigh mar lárionad tábhachtach turasóireachta.

Tá ról tábhachtach ag an mBardas Buirge maidir le caomhnú oidhreacht Chill Chainnigh ón meánaois agus maidir le cur chun cinn Cill Chainnigh mar lárionad tábhachtach turasóireachta.

Cuireann Iontaobhas Cathartha Chill Chainnigh le hobair an Bhardais Bhuirge sna réimsí sin.

 

Próifíl Na Cathrach

Cairt Ríoga Séamas 1 sa bhliain 1609 a thug do Chill Chainnigh a bhunreacht mar Chathair. Tá an Sabhran agus Comhairle an Dáréag imithe le fada agus ina n-áit tá Méara agus Comhairleoirí.

373.5 heicteár (923 acra) achar na Cathrach agus meastar daonra de 8,500 a bheith aici. Daonra de thimpeall agus 21,000 atá sa mBuirg agus sa Cheantar Máguaird. Tá carachtar meánaoiseach na cathrach coinnithe go maith go sonrach trí chaomhnú foirgneamh stairiúil cosúil le Caisleán Chill Chainnigh, Eaglais Naomh Canice, Teach Rothe agus Teach Deirce Shee.

 

Roinnt Gníomhaíochtaí Eile

Tá Linn Snámha James Stephens i Sráid Mhichíl faoi chúram an Bhardais Bhuirge agus faoi láthar tá sé beartaithe ag an mBardas áis nua-aimseartha a thógáil ag Páirc Scanlan.

Tugann an Bardas Buirge faoi sheirbhís leathan garraíodóireachta don Chathair gach bliain agus maisíonn timpealláin agus sráideanna le taispeántais bhláthanna; cúis amháin é sin go n-éiríonn chomh maith le Cill Chainnigh i gComórtas bliantúil na mBailte Slachtmhara.

Is é Bardas Buirge a chuireann Amharclann Watergate ar fáil do Chill Chainnigh. B'shin an dara hamharclann Cathrach sa tír tráth ar osclaíodh é i 1993 agus an chéad cheann ar chuir údarás áitiúil ar fáil le tamall maith de bhlianta.

Tá Cathair Chill Chainnigh ar na húdaráis áitiúla le limistéar tacsiméadair agus faoi láthair tugann sí ceadúnais do níos mó ná 100 tacsaí chomh maith le bheith freagrach as struchtúr maidir le táillí a leagan síos don limistéar.

Oibreacha Cóiriú Uisce Bhaile Rád

Oibreacha Cóiriú Uisce Bhaile Rád

 

Táscairí Feidhmíocht Phleanála

Pleanáil ar Aghaidh

I 2004 Chuir an tÚdarás Pleanála tús le próiseas maidir le hullmhúchán Plean Limistéir Áitiúil do Lár Chathair Chill Chainnigh, Ullmhaíodh mionteagasc ina raibh aidhmeanna agus cuspóirí an Phlean leagtha amach .i. plean maidir le forbairt lár na cathrach don am atá le teacht. Chuathas sa tóir ar thairiscintí ó chomhairleoirí agus iarradh orthu tograí a chur isteach chun plean a ullmhú. Rinneadh gearrliosta de na tairiscintí agus na daoine a raibh rath ar a gcuid iarratas cuireadh faoi agallamh iad. I mí na Nollag 2004 ainmníodh Comhairleoirí Pleanála Tiros Resources Ltd. in éindí le O'Mahony Pike Architects agus WSP Ireland (Engineers) chun Plean Limistéir Áitiúil a ullmhú do Lár Chathair Chill Chainnigh. Tá sé i gceist go gcuirfear an Plean os comhair na mBall Tofa i samhradh na bliana 2005.

Rinneadh athbhreithniú ar Straitéis Mhiondíol Chill Chainnigh agus ar na paraiméadair a théann i gcion ar Straitéis Tithíochta i 2004. Is straitéisí a bhaineann le hiomlán an chontae is a théann i gcion ar Bhardas Buirge agus ar Chomhairle Contae araon an Straitéis Mhiondíol agus an Straitéis Tithíochta.

Stiúradh Forbartha
Líon na n-iarratas a fuarthas i 2004: 143
Líon na n-iarratas a cinntíodh: 116
Líon na n-iarratas ar glacadh leo: 111 (96% de na hiarratais)
Diúltaithe: 5 (4% de na hiarratais)

 

Comhshaol

I 2004 thosaigh Bardas Buirge Chill Chainnigh ag cur i bhfeidhm córas nua bailiúcháin cois bhóthair, córas a ndéantar deighilt idir ábhar tirim in-athchúrsála agus gnáthdhramhaíl. Tá deireadh curtha anois ag bardas Buirge Chill Chainnigh leis an seanchóras a ndéantaí bailiúchán ar an dramhaíl uile ar mhuirear caighdeánach. Tá málaí nua so-aitheanta ar fáil anois sna siopaí áitiúla agus íocann custaiméirí de réir meáchain. Is le haghaidh gnáthdhramhaíola na málaí buí (€5 an mála) agus is le haghaidh ábhar tirim inathchúrsála na málaí uaithne (€1.50 an mála), agus déantar an bailiúchán gach dara seachtain i gcás ceachtar den dá chineál. Bhí rath ar an tseirbhís nua toisc go bhfuil daoine anois in ann costais tís a laghdú trí rudaí a athchúrsáil agus cabhrú le Cill Chainnigh le nach ndéanfaí dochar don timpeallacht. Tá an córas ag teacht freisin le straitéisí Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta agus cinn an Oir-Dheiscirt.

Seanchóras ina ndéantaí bailiúchán ar an dramhaíl uile ar mhuirear caighdeánach

Córas nua íoc de réir meáchain ina ndéantar deighilt idir ábhar tirim in-athchúrsála agus gnáthdhrámhaíl

 

RAPID KilkennyRoghnaíodh Cill Chainnigh mar cheann d'Fhiche baile ar fud na tíre a dtabharfar tosaíocht dóibh maidir le maoirseacht faoi Shraith II den chlár RAPID.Tá foireann Fhorfheidhmithe Limistéir Áitiúil curtha ar bun sa chathair agus rinneadh athbhreithniú uirthi i mí an Mheithimh 2004. I gcomhchomhairle leis na Rannóga ábhartha atá freagrach as cláir éagsúla, m.sh. sláinte, comhshaol, oideachas etc., agus le tacaíocht ó ADM Teo., tá pleananna ullmhaithe a aithníonn agus a thugann tosaíocht do shaincheisteanna agus do ghníomhartha sonracha.

 

  • Tá an próiseas RAPID atá comhordaithe ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí agus le grúpaí pobail atá ann cheana féin ag obair ar bhonn leanúnach chun fíor-riachtanais a aithint trí rannpháirteachas pobail.
  • Ní rud nua atá i RAPID ach tógáil ar struchtúir a thionscain gníomhaireachtaí agus grúpaí pobail cheana agus ar éirigh leo.
  • Tógann RAPID ar bhonn leanúnach ar struchtúir phobail a bhí ann cheana féin agus oibríonn go dlúth leis na heagraíochtaí pobail uile. Tá an próiseas ag aithint pobail gan struchtúir phobail agus á gcumasú le go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa chlár.
  • Tá an clár ag déanamh freastail ar ghrúpaí pobail nuabhunaithe le go nglaca siad le ról níos gníomhaí chun suntas a tharraingt ar shaincheisteanna a bhaineann leo anois ina bpobail féin agus ag féachaint ar mhodhanna strúchtúrtha leis na ceisteanna sin a phlé.

Áirítear ar infheistíochta nua cuntais Neamhghníomhacha, oibreacha feabhsúchán eastáit, Soláthar Áit Súgartha Cathrach, Deontas Caipitil Spóirt, Infheistíocht Nua faoin gClár Comhionannais Deise i ndáil le Cúraim Pháiste, tograí Caipitil Bhord Sláinte, áiseanna Spóirt, Oifigeach Caidrimh Tithíochta. Ag am scríofa an doiciméid seo tá glactha le trí thionscadal is fiche ar tugadh tosaíochta dóibh agus ar chuir Foireann Fhorfheidhmithe Limistéir (FFL) RAPID a stampa orthu. Baineann na tionscadail sin le réimsí mar dheontais phobail, Cúram Páiste, Oideachas agus forbairt Pobail.

Tá eolas breise ar ghníomhaíochtaí faoin gclár ar fáil ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Chill Chainnigh nó ag www.rapidkilkenny.ie.

 

 

Tithíocht / Innealtóireacht Tithíochta - 2004

Táscairí Feidhmithe Tithíochta

  • Cúnamh tugtha do 31 teaghlach chun cóiríocht oiriúnach a fháil.
  • 3 Iasacht Bhlianachta. ar luach €401,200.00 ina iomláine tugtha ar airleacan.
  • 3 Iasacht Athstruchtúraithe ar luach €8,957.25 ina iomláine tugtha ar airleacan.
  • 6 Theaghais Údaráis Áitiúil díolta faoin Scéim Ceannachán Teaghaise Tionónta

CLÁR TÓGÁLA/FÁLA TITHÍOCHTA 2004

  • 25 Theaghais ceannaithe ag Bardas Buirge Chill Chainnigh
Scéim Obair Fheabhais Pháirc Ossory  
Oibreacha Inmheánacha Críochnaithe: Uimhir 29, 30, 31, 54, 55 agus 60
Oibreacha Inmheánacha Críochnaithe agus Oibreacha Seachtracha Leathchríochnaithe: Uimhir 27 agus 28
Oibreacha deartha agus praghsáilte: Uimhir 3, 10, 18 agus 25 - tosnófar ar an obair seo go gairid

 

Tá an dlaoi mhullaigh á cur faoi láthair ar phleananna chun an suíomh a chur chun cinn ina iomláine. Pléadh an obair seo le baill de Ghrúpa Oibre Pháirc Ossory (ar a bhfuil baill de Choiste Cónaitheoirí Pháirc Ossory agus de Bhardas Buirge Chill Chainnigh agus Oifigeach Caidreamh Pháirc Ossory ag dhéanamh freastal orthu) thar na míonna is déanaí.

Oibreacha Fheabhais Pháirc Ossory

Oibreacha Fheabhais Pháirc Ossory

 

Iompar Agus Forbairt Bhóthair

I rith na bliana 2004 lean Bardas Buirge Chill Chainnigh le Clár Oibreacha Bóthair dá chuid - Tá cur síos gearr faoi gach tionscadal anseo thíos.

Sráid Stiofáin
Bhí dromchla an bhóthair seo a bhfuil crainn ar gach thaobh de imithe i léig thar na blianta. Neartaíodh an bóthar trí bhíthin mogaill théagartha treisithe agus cuireadh craiceann asfalt meastaic cloiche anuas air sin.

Horseleap
Craiceáladh an chuid seo den bhóthar agus cuireadh ina luí arís agus ansin cuireadh dromchla nua air. Tógadh cosán nua in aice na steips chun an bealach a dhéanamh níos sábháilte do choisithe agus do dhaoine i gcathaoireacha rothair.

Céide Riverside
Cuireadh dromchla nua ar feadh 130 méadar den bhóthar seo a théann isteach go dtí an eastát tithíochta seo atá ann le tamall sách fada anois. Táthar ag súil leis go mbeidh dromchla nua curtha ar an gcuid eile den eastát sa chlár Oibreacha Bóthair 2005.
 

Lána an Tséipéil
Bhí drochbhail amach is amach ar an lána seo sula ndeachthas i mbun obair fheabhsúcháin. Tá sé i gceist go gcuirfear líonraí ESB agus Eircom faoi thalamh; cuireadh an lána faoi phábháil castlestone chun áilleacht an cheantair a fheabhsú.
 

Butterslip
Leagadh síos leaca cloch aoil ar an mbealach coisithe aitheanta seo a nascann an tSráid Ard agus Sráid Chiaráin rud a d'fheabhsaigh go mór é don té a bheadh ag siúl air.

Oibreacha Feabhsúcháin Butterslip

 

Ardán Corcoran, Ardán Haltigan, Cnoc Broguemaker
Cuireadh dromchla nua ar na bóithre sna trí eastáit sin mar chuid de chlár oibreacha bóthair 2004.

 

Lána Colliers
Feabhsaíodh an lána seo le pábháil castlestone, baineadh amach seanfheadán luaidhe, rinneadh soláthar do cháblaí ESB agus Eircom le hiad a chur faoi thalamh, séaraigh a raibh fadhbanna ag baint leo baineadh amach iad agus cuireadh cinn nua ina n-áit; rachaidh na feabhsúcháin a rinne na hoibreacha ar lána a ndearnadh faillí air cheana go mór chun tairbhe daoine áitiúla agus turasóirí.

Scéim Feabhsúchán Lána Colliers

 

Rampanna Luais - Troyslane, Plás Deastógála, Sráid Mhichíl
Tar éis dul i gcomhairle le daoine a raibh cónaí orthu san áit suiteáladh rampaí luais ag na láithreacha luaite thuas, rud a cur le sábháilteacht na háiteanna sin maidir le páistí áitiúla agus a chuir bac ar lucht na gcarranna maidir le bheith ag tiomáint róthapa.